Gnóthaí Corparáideacha 2004

Printer-friendly versionPrinter-friendly versionSend by emailSend by emailPDF versionPDF version

Clár na dToghthóirí:

LIMISTÉAR VÓTÁLA ÁITIÚLA LÍON NA DTOGHTHÓIRÍ
Cathair Chill Chainnigh 14,651
Baile an Phoill 14,219
Baile Mhic Andáin 12,132
Béal Átha Ragad 12,112
Callainn 8,503
Cill Chainnigh 4,785

 

2004/2005 Clár na dToghthóirí - Buacphointí

Dáilcheantar Dála Toghthóirí Úachtaránachta Toghthóirí Dála
Ceatharlach - Cill Chainnigh 65,419 65,833

 

Dáilcheantar na Eorpaí

Parlaiminte

Toghthóirí Eorpacha
Laighean 65,948

 

Coinníollacha Maidir le Clárúchán

Aois: Caithfidh duine bheith ar a laghad 18 mbliana d'aois ar an lá a thagann an clár i bhfeidhm (15 Feabhra) Is féidir le duine bheith curtha ar Fhorlíonadh don Chlár nuair atá na 18 mbliana slánaithe agus tar éis 15 Feabhra. Tá gach cónaitheoir 18 mbliana d'aois agus níos mó i dteideal bheith ar an gclár nó ar an bhForlíonadh.

Saorántacht: Is é saorántacht a chinntíonn an toghchán ina bhfuil cead ag duine vótáil. Is mar seo na rialacha maidir le ceart vótála:

Saoránach Éireannach: Cead vótála ag gach toghchán agus pobalbhreith
Saoránach Sasanach: Cead vótála ag Toghcháin Dála, Eorpaigh agus Áitiúla
Saoránaigh Eorpaigh eile: Cead vótála ag Toghcháin Eorpacha agus Áitiúla
Daoine nach Saoránaigh den AE iad: Cead Vótála ag toghcháin áitiúla agus sin an méid
Cónaí Caithfidh gnáthchónaí a bheith ag duine ag an seoladh atá i gceist agus níl ceadaithe ach an t-aon sheoladh amháin

Foilsítear Dréachtchlár na dToghthóirí an 1ú Samhain gach bliain.

Foilsítear Liosta Deireanach na dtoghthóirí an 1ú Feabhra gach bliain agus téann sé i bhfeidhm ón 15 Feabhra.

 

An Clár in Eagar

Cuirfear in Eagar Clár na dToghthóirí le haghaidh 2005/2006 agus foilseofar é. Is ann a bheidh ainmneacha na ndaoine a thug le fios gur mhaith leo a n-ainmneacha a bheith scríofa suas air agus is chun críche neamhreachtúil a mbeidh fáil air.

 

FORLÍONADH DO CHLÁR NA DTOGHTHÓIRÍ

Duine nach bhfuil cuimsithe i gclár na dToghthóirí atá i bhfeidhm faoi láthair ach a shíleann go bhfuil sé/sí cáilithe bheidh ina thoghthóir, is féidir leis an duine sin iarratas a chur isteach chun a ainm a iontráil ar fhorlíonadh don chlár. Le bheith cáilithe caithfidh duine teacht leis na ceangail maidir le saoránacht, áit chónaithe, agus aois a bhaineann leis an gclár atá i gceist. Caithfidh na hiarratais maidir le hiontráil ainm ar an bhforlíonadh bheith faighte ag Comhairle Contae Chill Chainnigh ar a laghad 14 lá oibre roimh toghchán nó roimh phobalbhreith. Daoine a bhfuil a n-ainmneacha liostáilte sa bhforlíonadh tá siad i dteideal vótála ag toghcháin/reifrinn a bhíonn ar siúl le linn an achair is bailí don chlár.

 

VÓTÁLAITHE POIST

Seo na catagóir maidir le vótáil tríd an phost:

  1. Baill lánaimseartha de na Fórsaí Cosanta.
  2. Taidhleoirí Éireannacha agus a gcéilí a bhfuil post acu thar lear.
  3. Baill an Gharda Síochána.
  4. Daoine faoi mhíchumas atá ina gcónaí sa mbaile nó nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh ag an stáisiún vótála mar gheall ar thinneas nó ar mhíchumas,
  5. Daoine nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh mar gheall ar shlí beatha, ar sheirbhís nó ar fhostaíocht. Áirítear ina measc siúd mic léinn atá ag freastal ar chúrsa lánaimseartha sa Stát seo.

Nóta: Caithfear iarratais ar vóta poist a athnuachan ar bhonn bliantúil.

 

VÓTÁLAITHE SPEISIALTA

Toghthóirí a bhfuil cónaí orthu de ghnáth in ospidéal, i teach banaltrachta nó in institiúid eile do dhaoine a bhfuil tinneas fisiciúil orthu nó atá faoi mhíchumas, tá siad i dteideal a n-ainmneacha a chur ar liosta speisialta vótálaithe. Is é an chaoi go bhfuil oifigeach speisialta i gceannas agus Garda á thionlacan, arb é an ról atá aige na páipéir bhallóide a chosaint (ar an gcaoi céanna a ndéantar i stáisiún vótála) agus gníomhú mar fhinné neamhspleách le cinntiú go leantar an nós imeachta maidir le vótáil mar is cuí.

Nóta: Caithfear athnuachan a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar iarratais ainmneacha a chur ar Liosta na Vótálaithe Speisialta.

 

AG SCRÚDÚ AN CHLÁIR

Is féidir le duine ar bith an Dréachtchlár/Clár Deireanach a scrúdú le linn uaireanta oibre ag oifigí Chomhairle Contae Chill Chainnigh, ag Bardas Buirge Chill Chainnigh, i Leabharlanna Poiblí, in Oifigí Poist agus ag Stáisiúin Gharda.

 

 

Plean Corparáideach údaráis Áitiúla Chill Chainnigh 2004/2009

Glacadh le Plean Corparáideach Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh 2004-2009 ag Cruinniú de Chomhairle Contae Chill Chainnigh i mí na Nollag 2004. Is creat straitéiseach don Údaráis Áitiúil an Plean Corparáideach maidir le gníomhú sa todhchaí. Neartaíodh ullmhúchán an Phlean de bharr comhchomhairle le réimse leathan scairshealbhóirí laistigh agus lasmuigh den eagraíocht.

Chuathas i mbun sraith chomhairliúchán inmheánacha le Comhairlí agus le Foireann a bhfíghtear isteach sa Phlean. Fostaíodh comhairleoirí chun Suirbhé Sásamh Custaiméara forleathan a dhéanamh a bheidh ina threoir maidir le hullmhúchán Pleananna Oibriúcháin Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh don bhliain 2005 agus níos faide ar aghaidh. Déanfar mion chur síos sna Pleananna Oibriúcháin bliantúla sin faoi ghníomhaíochta a bhíonn ar bun i réimse difriúla seirbhíse chun cuspóirí leithne an Phlean Chorparáidigh a sheachadadh.

Ó tharla pleananna agus gníomhaíochtaí Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh a bheith nasctha le hionchur agus le tionchar gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile, rinneadh dréacht den Phlean Corparáideach ag tabhairt san áireamh polasaithe ar leibhéal Eorpach, Náisiúnta agus Réigiúnach a raibh tionchar acu ar an bplean agus an gá atá le naisc a chruthú le polasaithe Gníomhaireachtaí eile. Sin é an fáth gur chuireamar an plean i láthair na gníomhaireachtaí a bhfuilimid ag obair i gcomhpháirtíocht leo laistigh de chreat an Bhord Forbartha Contae agus i láthair na páirtithe leasmhara sna hearnálacha a bhfuil ionadaíocht acu ar na Coistí Polasaí Straitéisigh éagsúla.

Is féidir teacht ar an bPlean Corparáideach ag suíomh na n-Údarás Áitiúil: www.kilkennycoco.ie

 

Saoráil Faisnéise

Tháinig An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 i bhfeidhm maidir le hÚdaráis Áitiúla an 21 Deireadh Fómhair 1998. Táille €15 a íoctar ar gach iarratas ar fhaisnéis neamhphearsanta (Acht um Shaoráil Faisnéise arna leasú 2003). Fuarthas 31 iarratas i 2004.


Deontais faoi Alt 6 den tAcht Rialtais Áitiúil, 1991

Dáileadh €35,700 faoin scéim thuas. Tugadh amach 74 Dheontas.

 

 

Li'on na gCruinnithe Comhairle, na gCruinnithe Coiste a Tionóladh ó 1 Eanáir 2004 go dTí 31 Nollaig 2004

Líon na gCruinnithe Comhairle 10 Woodstock 0
Cruinnithe Speisialta den Chomhairle 4 Plean Limistéir Comhtháite 4
Meastúcháin 2 Comhchoiste Draenála Goul 2
Toghcheantar Bhaile Mhic Andáin 4 Bord Forbartha an Chontae 4
Toghcheantar Chill Chainnigh 5 Grúpa Polasaí Chorparáidigh 10
Toghcheantar Challainn 5 Sábháilteacht Uisce 6
Toghcheantar Bhaile an Phoill 5 Comhchoiste Tráchta 0
Toghcheantar Bhéal Átha Ragad 4 An Bhearú an Fheoir agus an tSiúir 9
Faireachán Uisce Tuaithe 7 Líonra Gnímh Phobail Chill Chainnigh 11
Cóiríocht don Lucht Siúil 5 Bord Fiontraíochta an Chontae 7
CPS 1 4    
CPS 2 3    
CPS 3 4    
CPS 4 4    
CPS 5- 4    

Íocaíochtaí:

Cruinnithe Comhairle / Cruinnithe Coiste € 123,327.04
Liúntas Oiliúna agus Oideachais € 75,260.54
Taisteal thar Lear € 3,863.33
Liúntas Cathaoirligh CPS € 25,299.33

 

 

Comhpháirtíocht sa láthair oibre in Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh

Workplace Partnership in Kilkenny County and City CouncilsTháinig próiseas bainistiú athraithe trí Chomhpháirtíocht céim eile chun tosaigh nuair a cuireadh tuairiscí ó na ceithre ghrúpa oibre i láthair bainistíocht agus Coiste Comhpháirtíochta Chomhairle Contae Chill Chainnigh; ba chéim eile é seo de phróiseas a thosaigh amach le sraith forleathan de sheisiúin chomhairliúcháin le foireann na n-Údarás Áitiúil ag gach leibhéil i 2003.

Faoin scéim "Sustaining Progress" caithfidh na harduithe faoin gcóras Pointí Cóimheasa a bheith deimhnithe le go réiteoidh siad le geallúintí agus le bearta solúbthachta.

Ba iad cúiseanna na seisiún comhairliúcháin:-

  • Faoin scéim "Sustaining Progress" caithfidh na harduithe faoin gcóras Pointí Cóimheasa a bheith deimhnithe le go réiteoidh siad le geallúintí agus le bearta solúbtha.
  • Bhí an coiste chomhpháirtíochta sa láthair oibre ag iarraidh ina phlean gnímh réimse leathan saincheisteanna a aithint trí chomhchomhairle leis an bhfoireann, saincheisteanna a bhféadfaí dul i ngleic leo trí Chomhpháirtíocht.
  • Beidh na seisiúin sin agus na tuairiscí ó na grúpaí oibre a leanfaidh astu á bhfí isteach i bPlean Corparáideach Údaráis Áitiúla Chomhairle Contae Chill Chainnigh do na blianta 2004-2009.
  • Chas na grúpaí oibre a le chéile ar dtús ar feadh tréimhse 6 mhí ó Aibreán go Deireadh Fomhair agus bhíodar ag féachaint ar shaincheisteanna a bhain leis na ceithre réimse a leanas:-
    • Cumarsáid
    • Seirbhísí Custaiméara
    • Coinníollacha Oibre
    • Cleachtais Oibre

 

Tar éis tuairiscí a thabhairt chun críche d'aontaigh an bhainistíocht agus an coiste comhpháirtíocht leis na moltaí a leanas:-

  • Straitéis Chumarsáide d'Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh ag féachaint chuige go gcuirfí feabhas ar an gcumarsáid inmheánach agus seachtrach.
  • Cairt chustaiméara agus plean gnímh athbhreithnithe.
  • Feabhsúcháin maidir le Sláinte agus Sábháilteacht san ionad oibre ar bhonn leanúnach.
  • Pleanáil agus struchtúir oibre a fheabhsú.
  • Saincheisteanna ar mhaithe le teaghlaigh baill foirne a thabhairt céim chun cinn.
  • Bearta le luach ar airgead a bhaint amach.
  • Beidh an próiseas sin ag leanúint ar aghaidh i 2005.

 

Cuireadh athruithe ar an gCoiste Comhpháirtíocht do Chomhairle Contae Chill Chainnigh i 2003. Breathnóidh an coiste seo a bheidh ionadaíocht aige ar Phríomhchoiste Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh ar shaincheisteanna comhpháirtíochta, go sonrach na cinn a bhaineann le Bardas Buirge Chill Chainnigh, agus i measc siúd go sonrach ar na saincheisteanna comhpháirtíochta sa Tuairisc Chomhairliúcháin ar cuireadh críoch leis i 2003. Tá súil leis go ndéanfaidh an coiste dul chun cinn sa chéad bliain eile.

Cé go ndearnadh dul chun cinn breise i 2004 maidir le comhpháirtíocht san ionad oibre, í ag bogadh ó "shaincheisteanna boga" mar a thugtar orthu go dtí saincheisteanna crua cosúil le hathrú ó thaobh eagraíocht, bhí méid áirithe de thionscadail a bhí comh-mhaoinithe tríd an gComhpháirtíocht fós á mbrú ar aghaidh. Ar an gceann is suntasaí i measc siúd bhí "Family Day&v; d'fhoireann Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh. Is ar an 4ú Meán Fómhair a bhí an ócáid seo ar siúl arb é Grúpa Oibre a d'eagraigh í le cabhair ó Ghnóthaí Corparáideacha agus ó Bhardas Buirge Chill Chainnigh. 300 ball foirne ón dá Údarás Áitiúla agus a gcomhluadar a d'fhreastail ar an ócáid. Cé gurb é ba mhó a rabhthas dírithe air siamsa a chur ar fáil do pháistí na mball foirne cuireadh siamsa, bia agus deoch ar fáil do na daoine fásta freisin agus chuir an lá breá a bhí ann go mó leis an rath a bhí ar an ócáid.

Family Friendly Day, Meán Fómhair 2004

Family Friendly Day, Meán Fómhair 2004 - Comh-mhaoinithe ag LANPAG, Grúpa Comhairleach, Comhpháirtíocht Náisiúnta an Ionad Oibre